Skip to main content

Tionscnamh Cónaitheachta na nEalaíon san Oideachas i mBunscoileanna agus Iar-Bhunscoileanna

 Tionscnamh Cónaitheachta na nEalaíon san Oideachas i mBunscoileanna agus Iar-Bhunscoileanna

 

D'fhorbair an Roinn Oideachais Clár Cónaitheachta nua nuálach Ealaíon-san-OideachasBLAST in 2021. Cumasóidh sé suas le 400 Cónaitheacht Ealaíon-san-Oideachas nua i scoileanna gach bliain.

Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo tacú le comhtháthú na bprionsabal agus na bpríomhscileanna a leagtar amach in Cairt na nEalaíon san Oideachas agus sa Chlár Éire Ildánach (2017-2022), Colún 1 Óige Ildánach.

Is í aidhm na scéime seo an deis a thabhairt do dhaltaí i scoileanna ar fud na tíre oibriú le healaíontóir gairmiúil ar thionscadail uathúla atá le ceapadh agus le pleanáil ag an ealaíontóir, an múinteoir agus an scoil le chéile faoi chomhordú líonra Ionaid Tacaíochta Oideachais na hÉireann (ITOÉ) ar líonra na 21 ionad oideachais lánaimseartha é. Tacaíonn an tionscnamh seo le leanaí agus daoine óga ar mhaithe leis an todhchaí, tráth a mbeidh scileanna cosúil leis an gcumas nascadh agus comhoibriú le daoine eile, dul i mbun smaointeoireachta cruthaithí agus criticiúla agus cuimsitheacht a chleachtadh ar gach leibhéal thar a bheith tábhachtach don tsíocháin, don chobhsaíocht, don fhás eacnamaíoch inbhuanaithe agus don chomhionannas.

Is é atá beartaithe ná próiseas sruthlínithe uathúil trína ndéanann scoileanna iarratas ar ealaíontóir ar Chlár Ar Líne na nEalaíontóirí Ceadaithe atá oilte cheana féin don Chlár Cónaitheachta Ealaíon-san-Oideachas nua BLAST atá á bhainistiú ag an ionad oideachais áitiúil. Íocfaidh an t-ionad oideachais an t-ealaíontóir freisin, rud a laghdóidh  an t-ualach riaracháin ar mhúinteoirí agus ar scoileanna níos mó fós. 

Conas a oibreoidh an tionscnamh Cónaitheachta BLAST seo?

An tIonad Oideachais:

Beidh an clár á chomhordú go náisiúnta ag suíomh riaracháin Ealaíon san Oideachas atá lonnaithe san Ionad Oideachais i dTrá Lí, ach déanfaidh scoileanna iarratas ar Chónaitheacht Ealaíon-san-Oideachas BLAST chuig an ionad oideachais lánaimseartha ina gceantar féin, bunaithe ar Chlár Ar Líne na nEalaíontóirí Ceadaithe. Socrófar Clár na nEalaíontóirí Ceadaithe i ngach ionad oideachais de réir ealaíontóra agus disciplín. Áireofar ann taithí oiliúna ábhartha riachtanach agus fhaofa, samplaí d’obair roimhe seo agus samplaí de thaithí ábhartha nó gaolmhar i gcomhthéacs oideachais agus pobail.

Faoi láthair tá breis agus 300 ealaíontóir oilte agus cláraithe ar Chlár Ar Líne na nEalaíontóirí Ceadaithe á mbainistiú ag líonra na n-ionad oideachais go náisiúnta. Beidh gach ealaíontóir tar éis a B(h)eartas Dea-Chleachtais um Chosaint Leanaí (lena n-áirítear an Ráiteas um Chosaint Leanaí) agus a T(h)eastas maidir leis an modúil oiliúna Tús Áite do Leanaí a chríochnú a chur faoi bhráid an ionaid oideachais.

Is próiseas uathúil sruthlínithe an rud atá beartaithe nuair a dhéanann scoileanna iarratas ar ealaíontóir faoin gClár Cónaitheachta Ealaíon-san-Oideachas nua BLAST. Déanfaidh an t-ionad oideachais socrú freisin maidir leis an ealaíontóir a íoc, rud a bhainfidh an t-ualach riaracháin de mhúinteoirí agus de scoileanna níos mó fós.

 

Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána:

Eagróidh an tIonad oideachais grinnfhiosrúchán na n-ealaíontóirí i ndáil le hiarratais rathúla scoile le gach ealaíontóir ar leith i gcomhar leis an scoil. Féadfaidh scoileanna iarraidh ar an ealaíontóir leo féin (más mian leo) iarratas a dhéanamh ar ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána chun obair ina scoil go sonrach.

Na hEalaíontóirí:

Clárófar ealaíontóirí ó aon disciplín ealaíne ar bith a fuair oiliúint in obair chomhpháirtíochta le scoileanna le gach ceann den 21 ionad lánaimseartha ITOÉ. Ar na disciplíní ealaíne áirítear na hamharcealaíona, ceardaíocht, ceol, damhsa, drámaíocht, litríocht agus scannánaíocht. Leathnófar disciplíní cruthaitheacha de réir mar a fhorbróidh an clár cónaitheachta sna blianta atá romhainn.

Cuireadh oiliúint roimhe seo ar na healaíontóirí atá ar Chlár na nEalaíontóirí Ceadaithe agus bhí siad i mbun cónaitheachtaí scoile faoin tionscnamh FGL agus Cónaitheachta um Chomhpháirtíocht idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí nó faoin gClár um Ealaíona sa tSraith Shóisearach atá faofa ag an Roinn Oideachais agus agus faoina stiúir.

An Scoil:

Caithfidh na scoileanna a bheith i ndobharcheantar an ionaid oideachais lánaimseartha áitiúil. Ní féidir le scoileanna ach iarratas amháin a chur isteach. Ba chóir do scoileanna a rogha féin d’ealaíontóirí a dhéanamh ar an gClár Ceadaithe, bunaithe ar CVanna/samplaí oibre a rinneadh le déanaí, oiliúint agus moltaí. Tá cuimsiú na n-ealaíontóirí ar an gClár Ceadaithe bunaithe ar oiliúint san ionad oideachais (TAP) mar aon le hoiriúnacht/cáilíocht ealaíne srl., agus é a bheith déanta roimh ré lena chinntiú go sásaíonn an t-ealaíontóir roghnaithe beartais na scoile maidir le pearsanra seachtrach a fhostú.

Nuair a bheidh scoil ceadaithe don scéim, beidh gealltanas ag an scoil don ealaíontóir. Beidh am curtha in áirithe aige nó aici don tionscadal agus d’fhéadfadh sé nó sí obair eile a dhiúltú ag na hamanna atá sceidealta don obair leis an scoil.

 

Spreagann an tionscnamh seo:

  • ·       Scoileanna, idir bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, nach raibh deis acu le déanaí páirt a ghlacadh i dtionscnaimh chruthaitheacha den sórt sin chun iarratas a dhéanamh.
  • ·       Scoileanna a thacaíonn le cuimsiú agus le níos mó rannpháirtíochta scoláirí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste agus scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu in ealaíona-san-oideachas chun iarratas a dhéanamh.
  • ·       Scoileanna a bhfuil cuntas teiste acu i gcomhpháirtíocht múinteora-ealaíontóra atá ag obair sa seomra ranga agus sa scoil chun iarratas a dhéanamh.
  • ·       Tiomantas scoile uile don tionscadal, ach ní riachtanas é go n-oibreoidh gach rang leis an ealaíontóir
  • ·       Ba cheart go dtabharfadh tionscadail aird ar na curaclaim scoile ábhartha nuair is cuí agus go ndíreodh siad ar an bpróiseas.

Maoiniú na Cónaitheachta Ealaíon-san-Oideachas BLAST:

Is é táille an ealaíontóra €1,000 in aghaidh na cónaitheachta. Maoiníonn an Roinn Oideachais é seo trí gach ionad oideachais. Íocfaidh an t-ionad oideachais an t-ealaíontóir de réir treoirlínte comhaontaithe nuair a bheidh meastóireachtaí an ealaíontóra agus an mhúinteora/na scoile curtha isteach agus faighte. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh go n-áireofaí leis seo dhá thráthchuid €500 a íoc má tá sé seo comhaontaithe.

Maoineofar an t-ealaíontóir le haghaidh 20 uair teagmhála, lena n-áirítear 6 uaire an chloig don phleanáil/d’fhorbairt/d’athbhreithniú. Caithfidh scoileanna rannpháirteacha íoc as ábhair a bhaineann leis an tionscadal agus freisin as doiciméadú an tionscadail trí ghrianghraif srl. chomh maith le haon chostais eile, costais árachais san áireamh. Is féidir cónaitheachtaí maoinithe a sheachadadh i rith na bliana acadúla ar fad ag tosú i mí Mheán Fómhair sa bhliain a ceadaíodh an chónaitheacht.

Caithfidh scoileanna aitheantas a thabhairt don Roinn Oideachais agus don ionad oideachais áitiúil as gach poiblíocht a bhaineann leis an tionscadal.

Iarratais a n-éiríonn leo:

Ceanglófar ar scoileanna a n-éiríonn leo conradh gairid a shíniú lena n-ionad oideachais áitiúil ag glacadh le téarmaí Chlár Cónaitheachta Ealaíon-san-Oideachas BLAST sula dtosaítear ar an gcónaitheacht. Níor cheart tús a chur le cónaitheachtaí ar éirigh leo go dtí go bhfaighfear fógra oifigiúil i scríbhinn chun dul ar aghaidh ón ionad oideachais agus a luaithe atá grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána críochnaithe agus é sin curtha in iúl don scoil.

Is coinníoll sonrach den chlár cónaitheachta seo go n-oibríonn múinteoir as láimh a chéile leis an ealaíontóir, go gcomhoibrítear leis/léi chun an t-eispéireas foghlama a phleanáil agus go mbíonn sé/sí i láthair i gcónaí leis an ealaíontóir agus nuair a bhíonn an obair leis na scoláirí ar siúl sa scoil agus chun an chomhpháirtíocht idir an múinteoir agus an t-ealaíontóir a chur chun cinn tuilleadh. Beidh scoileanna freagrach as a chinntiú go gcomhlíonann an chónaitheacht comhairle Sláinte Poiblí atá i bhfeidhm tráth an tionscadail.

Meastóireacht:

Cuirfidh an t-ionad oideachais an mheastóireacht riachtanach i bhfeidhm do Chónaitheachtaí Ealaíon-san-Oideachas. Áireofar leis seo cuairt scoile, an Fhoirm Aiseolais Múinteora/Scoile agus an Fhoirm Aiseolais Ealaíontóra a chomhlánú agus a sheoladh ar ais. Íocfar an dara tráthchuid de tháille an ealaíontóra tar éis na tuarascálacha deiridh a bheith curtha isteach.

Is féidir aon íomhánna a chuireann an scoil isteach i dtuarascálacha nó ar chríochnú an tionscadail a úsáid chun an scéim a chur chun cinn trí chló agus trí mheáin eile lena n-áirítear na meáin shóisialta. Tá sé tábhachtach mar sin go mbeadh cead ag na scoileanna íomhánna den sórt sin a úsáid, ag tabhairt dá n-aire sna foirmeacha toilithe go n-úsáidfear iad chun na críche seo, agus gan íomhánna a sheoladh chuig an ionad oideachais ach amháin nuair a bheidh toiliú tuismitheoirí faighte.

Treoirlínte maidir le hIarratas:

Nóta ar Threoir Sláinte Poiblí a bhaineann le COVID-19: Ba chóir do scoileanna tograí a bhunú ar an gcomhairle agus an treoir sláinte poiblí is fearr atá ar fáil tráth an iarratais.

Caithfidh an méid seo a leanas a bheith san áireamh in iarratais chomhlánaithe

  • ·       Foirm iarratais chomhlánaithe
  • ·       Togra i scríbhinn don tionscadal a léiríonn aidhmeanna an tionscadail, an téama, na hábhair, na próisis, na torthaí a bhfuil súil leo, inseachadtacht, líon na n-uaireanta teagmhála agus líon na ranganna agus na ndaltaí a ghlacfaidh páirt sa tionscadal.
  • ·       Léirigh freisin an tréimhse ama agus an modh doiciméadaithe atá beartaithe don tionscadal.
  • ·       Ba chóir go léireodh an togra tiomantas scoile uile don tionscadal. (Ní chiallaíonn sé seo go gcaithfidh gach leanbh páirt a ghlacadh sa tionscadal ach gur chóir go mbeadh an scoil iomlán tacúil agus solúbtha chun an tionscadal a éascú).
  • ·   Osclófar iarratais ar an 4 Meitheamh 2021. Is é an 30 Meán Fómhair 2021 an dáta deiridh chun iarratais a fháil.

     

Tacóidh líonra na n-ionad oideachais ITOÉ , clár FGL um Chomhpháirtíocht idir Ealaíontóirí agus Múinteoirí, Ealaíona sa tSraith Shóisearach, Clár Rannpháirtíochta Cruthaithí NAPD agus an Tairseach Ealaíona san Oideachas leis an tionscnamh seo.

 Faigh an fhoirm iarratais anseo: Foirm Iarratais BLAST

https://www.gov.ie/en/form/012fe-blast-arts-in-education-application-form/

 

Creative Clusters Initiative - Applications Open for 2021 Intake

The Department of Education are pleased to announce the opening of a new round of Creative Clusters.  The deadline for receipt of applications is Friday 14th May 2021.  

Each Creative Cluster will receive grant funding of €3,000 per school over a two-year period to implement their project in the 2021–2023 school years (e.g. a cluster of 3 schools would receive €9,000 over two years while a cluster of 5 schools would receive €15,000 over two years). Clusters will receive 50% of the total grant funding in Year 1, with the second 50% being provided in Year 2.  In addition, but separate to the grant funding, all successful clusters are further supported with: A fully paid Creative Cluster Facilitator; paid Teacher Substitution to attend training and meetings; room hire, travel & subsistence.

  • Schools can apply as part of a cluster which may be an existing network of schools.
  • A school nearing the end of year 2 of an existing Creative Cluster can reapply to be in a new cluster where the other schools in
    the new cluster have not participated before.
  • Schools nearing the end of 2 years with Creative Schools are eligible to apply.
  • The local Teacher Education Support Centre will have a key role in identifying and supporting a Creative Cluster for their local
    area.
  • A total of 21 Creative Clusters will be selected nationally - One successful Creative Cluster per Education Centre.

Further information can be found HERE

Download Creative Clusters Application Form HERE

Download Creative Clusters Guidelines HERE 

Completed application forms should be forwarded to This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. on or before Friday 14th May 2021.  Cork Education Support Centre will be awarded funding to support one successful application.  

Ficheall.ie

Ficheall.ie is the network of primary school teachers in Ireland who promote social, cognitive and mental-fitness skill development through chess. Ficheall organises one-day chess tournaments to act as a focal point to encourage the playing of chess in schools.

 

Find out more about Ficheall.ie here: 

https://ficheall.ie/cork/  

Winter 2019 Update from Ficheall.ie:

Registration closed before mid-term break and we have an amazing 88 schools from around County Cork registered (up from 38 in 2017/2018 and 62 in 2018/2019). 

You can see a map of the schools by clicking here. 

88 schools is approximately 30% of all Cork mainstream schools and we're looking forward to breaking the 50% mark in the coming years!

We are currently in the process of organising venues and dates for the one-day chess tournaments for all the schools involved. We will have over 1,800 students represent their school in chess in January and February 2020. Each school will attend one of the 13 regional Ficheall.ie tournaments.

 

Venue

Tournament Date

Upper Glanmire Hall

Thursday 9th January

Ballygarvan NS

Tuesday 14th January

Scoil Bhríde, Rathcormac

Wednesday 15th January

Scoil Aonghusa CNS, Mallow

Thursday 16th January

Carrigaline Educate Together NS

Tuesday 21st January

Carrigtwohill Community Centre

Wednesday 22nd January

Carrigtwohill Community Centre

Thursday 23rd January

Ballinora NS/GAA Hall

Tuesday 28th January

Maratime Hotel, Bantry

Wednesday 29th January

Parkway Hotel, Dunmanway

Thursday 30th January

Blackrock GAA

Tuesday 4th February

Kilbeheny Community Centre

Wednesday 5th February

Gaelscoil Uí Ríordáin

Thursday 6th February

Learning School Project

Learning School Project 10

The Learning School Project teams shared their action research project at our collaborative showcase in Springfort Hall in May 2019. It was a wonderful event where the participating schools presented a range of exciting and innovative ideas.

 

The Cork schools that presented on the day and the titles of their projects are as follows:

Edmund Rice College, Carrigaline: ‘Teaching and Learning Through an Open Door Classroom’

 St. Aloysius, Cork City: ‘Implementing the Digital Learning Strategy for Schools’

 Presentation Secondary School, Mitchelstown: ‘Student Voice as a Bridge to Learning’

 Christian Brothers College, Cork: ‘Look Who’s Talking Now: Using Student Voice to Enhance Learner Experience in the Classroom’

 St. Francis College, Rochestown: ‘Diamond 9 and Blue Sky Thinking’

 CBS Secondary School, Mitchelstown: ‘Success Criteria: Deepening Learning Experiences and Aiding Motivation?’

 St. Colman’s Community College: ‘Effective Feedback on Learning’

 

Podcasts were recorded on the day which can be found here: https://soundcloud.com/user-282378931

 

 

Carousel

 CESC 3 2019 www.allaboutusvideo.ie 97

 CESC 3 2019 www.allaboutusvideo.ie 97CESC 3 2019 www.allaboutusvideo.ie 155EdmondFlower PresentationInspectorateSchool 1School 2School 3School 4School 5School 6School 7

cbc

cbs mitchelstown

pres mitchelstown

rochestown

st als

st colmasn